Caint agus Seinnt le Macdara Ó Faoláin

Tunes and chat with young local instrument-maker and musician as part of Heritage Week 2018.

“Caint & Seinnt le Macdara Ó Faoláin” is ea teideal na hócáide a reachtáilfear i Seomra de Paor, Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh, Dún Garbhán, Co Phort Láirge ar an Mháirt seo chugainn, 21 Lúnasa, mar chuid de Sheachtain Oidhreachta 2018.

Beidh comhrá agus ceol leis an gceoltóir óg ón Rinn, Macdara Ó Faoláin, a labharfaidh ar a thaithí ag déanamh agus ag seinnt uirlisí ceol, an maindilín agus an bouzouki, ach go háirithe, agus seinnfidh sé cúpla port chomh maith. Beidh suim acu siúd gur spéis leo ceol, admhadóireacht nó déantúsaíocht láimhe sa chaint seo, a bheidh ar siúl i rith an lóin ar an Mháirt, le saorchead isteach.

Músclaíodh suim Mhacdara i ndéantúsaíocht uirlisí nuair a bhí sé deich mbliana d’aois nuair a fuair sé bouzouki lámhdhéanta dá lá breithe. Cuireadh lena chuid suime sa rang adhmadóireachta i Meánscoil San Nioclás. Dhein sé cúrsa déantúsaíochta ukulele faoi chúraim an máistir-dhéantasóir Paul Doyle. Ó shin i leith d’fhoghlaim Macdara conas uirlisí eile ar nós bouzouki agus maindilíní a dhéanamh ina stíl féin. Seineann Macdara bouzouki a dhein sé féin mar bhall den ngrúpa ceoil Nuadán.

Tá an ócáid seo á reachtáil ag Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge mar chuid de chlár imeachtaí atá á n-eagrú ag an gComhairle do Sheachtain Oidhreachta 2018. Is féidir eolas faoin ócáid seo agus os cionn dhá scór imeachtaí eile atá á reachtáil i gcathair agus i gcontae Phort Láirge a fháil ag  www.heritageweek.ie

Mar sin, bígí inár dteannta don ócáid saor in aisce seo:

ÓCÁID: “Caint & Seinnt le Macdara Ó Faoláin”
IONAD:  SEOMRA DE PAOR, IONAD EALAÍON SEANTEACH AN MHARGAIDH, DÚN GARBHÁN, CO PHORT LÁIRGE
DÁTA:            Dé Máirt, 21 Lúnasa @ 1.00i.n.-1.45i.n.

Caint dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh i gceist.

A session of music and chat with young local musician, Macdara Ó Faoláin will take place in Seomra de Paor, Old Market House Arts Centre, Dungarvan, Co Waterford on Tuesday next, 21st August to celebrate Heritage Week 2018.

Macdara Ó Faoláin from An Rinn will speak of his experiences making and playing traditional musical instruments, particularly the mandolin and the bouzouki, and he will also play a few tunes on his handmade instruments. This free event, which takes place during lunch hour on Tuesday next, will be of interest to those with an interest in music, woodwork and craftsmanship.

Macdara’s interest in instrument making began when he was given a present of a handmade bouzouki for his 10th birthday. Woodwork classes in his local secondary school, Meánscoil San Nioclás further developed this interest and he also completed a ukulele-making course with master-craftsman Paul Doyle. Since then, Macdara has learned how to make other instruments such as the bouzouki and mandolin in his own style. Macdara is also a member of the traditional band Nuadán, where he plays a bouzouki that he made himself.

This event is being organised by the Irish Office of Waterford City & County Council as part of a series of events taking place around the city and county to celebrate National Heritage Week. Information on this event, and the more than 40 other events that are taking place in Waterford between August 18th and 26th (including walks, talks, exhibitions and events for kids) is available at www.heritageweek.ie

Therefore, why not join us for this free event:

EVENT:          “Music & Chat with Macdara Ó Faoláin”
VENUE:         The Power Room, Old Market House Arts Centre, Dungarvan
DATE:            Tuesday, 21st August @ 1.00-1.45pm

Macdara’s talk will be bilingual, in English and Irish.

About waterfordcouncilnews

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in Arts / Culture, Community Alerts. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.