Tá áthas ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge a fhógairt go bhfuil sé i gceist Scoláireacht Ghaeltachta a bhronnadh ar dhalta(í) meánscoile ó Phort Láirge arís i mbliana.
Bronnfar scoláireacht ar dhalta(í) a chónaíonn i gCathair nó i gContae Phort Láirge (laistigh de limistéar riaracháin na Comhairle) chun freastal ar Chúrsa Samhraidh C de chuid Choláiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach, cúrsa a bheidh ar siúl ón 14-28 Iúil 2019.
Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí iomlána na scoláireachta a fháil trí theagmháil a dhéanamh le:
Máire Seosaimhín Breathnach,
Oifigeach Gaeilge,
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge,
Oifigí Cathartha,
Dún Garbhán,
Co Phort Láirge
Teil: 0761 10 2884
R-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie
Sé an t-am agus an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 5.00 i.n.
ar an gCéadaoin, 8ú Bealtaine 2019
The Irish Office, Waterford City & County Council is delighted to announce its intention to present a Gaeltacht Scholarship to a second level student(s) from Waterford again this year.
A Scholarship will be available for a student(s) living in Waterford City or County (within the Council’s administrative area) to attend Coláiste na Rinne’s two-week Cúrsa C, which takes place from the 14-28 July 2019 in the Gaeltacht area of west Waterford.
Application forms and full details of the terms and conditions of the scholarship are available by contacting:
Máire Seosaimhín Breathnach,
Irish Officer,
Waterford City & County Council,
Civic Offices,
Dungarvan,
Co Waterford
Tel: 0761 10 2884
E-mail: msbreathnach@waterfordcouncil.ie
The final time and date for receipt of applications is 5.00pm on Wednesday, 8th May 2019