Fógra faoi Chruinniú Poiblí – Comhchoiste Póilíneachta Phort Láirge

Reachtáilfidh Comhchoiste Póilíneachta Phort Láirge cruinniú poiblí ar an Luan, 25 Samhain 2019 in Óstán na Páirce, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge ar a 7.00i.n. Beidh fáilte roimh bhaill an phobail a bheith i láthair.

An Coimisinéir Cúnta Finn i láthair chun na hathruithe atá molta ar rannáin na nGardaí a phlé. Tabhair faoi deara go dtabharfar tús áite do cheisteanna a chuirfear isteach i scríbhinn roimh an chruinnithe.

Is ceart ceisteanna a sheoladh isteach i scríbhinn chuig Colette O’Brien, Rannóg Pobail, Sráid Nua Bailey, Port Láirge nó trí r-phost chuig jpc@waterfordcouncil.ie tráth nach déanaí ná 4.00i.n. ar an Luain, 11 Samhain.

Glacfar le ceisteanna ó aon duine go ndéanann póilíneacht an cheantair difear dóibh. Caithfidh ceistitheoirí a n-ainm agus seoladh a thabhairt, ach coimeádfar an t-eolas seo go hiomlán faoi rún agus ní dhéanfar é a phoibliú. Tugtar comhairle don bpobal nach mbeidh sé indéanta i gcásanna áirithe eolas a chur ar fáil nó freagra a thabhairt ar cheist ar chúiseanna dlíthiúla, i gcásanna a bhaineann le duine aonair nó le heolas a bhfuair na Gardaí nó an t-údarás áitiúil faoi chuing rúin, nó sa chás gur úsáid thar fóir acmhainní a bheadh i gceist a leithéad a dhéanamh.

About waterfordcouncilnews

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in Council News, Meetings. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.