Dréacht Phlean Forbartha do Chathair agus do Chontae Phort Láirge 2022 – 2028


Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tar éis Dréacht Phlean Forbartha do Chathair agus do Chontae Phort Láirge 2022 – 2028 a ullmhú agus tá sé ar thaispeáint go poiblí anois go dtí an 30 Lúnasa 2021.

Iarrtar ort cuairt a thabhairt ar ár dtairseach https://consult.waterfordcouncil.ie, áit gur féidir leat an plean a fheiscint agus aighneacht a chur isteach.

Teastaíonn ón gComhairle a chinntiú go mbeidh comhpháirteachas poiblí mar chuid d’fhorbairt an Dréacht Phlean Forbartha, agus de bharr Covid-19, tá gá le slite nua a fháil chun cumarsáid iomlán a dhéanamh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara.

Chuige seo, reáchtáilfear roinnt seimineáir ghréasáin phoiblí; féach thíos i gcomhair am, dátaí agus téamaí na gcruinnithe poiblí, chomh maith le naisc chuig Eventbrite chun clárú do cheann amháin nó do gach ceann de na cruinnithe poiblí.

Is gá clárú dos na cruinnithe seo. Tabharfar cuireadh do dhaoine aonaracha, do ghrúpaí, d’eagraíochtaí nó d’ionadaithe aon ghné nó ceisteanna a thagann ó Dhréacht Phlean Chathair agus Chontae Phort Láirge 2022 – 2028 a phlé.

7:00 – 8:30i.n. – Dé Máirt 20 Iúil Fís Straitéiseach, Daonra, Tithíocht, Fostaíocht agus Oideachas https://www.eventbrite.ie/e/163476280957
7:00 – 8:30i.n. – Dé Ceadaoin 21 Iúil Comhshaol, Oidhreacht, Caomhantas, Turasóireacht agus Taitneamhachtaí https://www.eventbrite.ie/e/163485253795
7:00 – 8:30i.n. – Déardaoin 22 Iúil Iompar, Athrú Aeráide, Infreastruchtúr agus Athbheochan https://www.eventbrite.ie/e/163485996015
7:00 – 8:30i.n. – Dé Máirt 27 Iúil Comhfhorbairt Áite Áitiúil – Limistéar Uirbeach Phort Láirge https://www.eventbrite.ie/e/163486419281
7:00 – 8:30i.n. – Dé Céadaoin 28 Iúil Comhfhorbairt Áite Áitiúil – Ceantar Bardasach an Chomaraigh https://www.eventbrite.ie/e/163486952877
7:00 – 8:30i.n. – Déardaoin 29 Iúil Comhfhorbairt Áite Áitiúil – Ceantar Bardasach Dhún Garbhán/Na Leasa Móire https://www.eventbrite.ie/e/163488208633

 

About Conan Power

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in As Gaeilge, Economic Development and tagged . Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.