Imagine Arts Festival kicks off I Osclaítear an 20ú Féile Ealaíon bhliantúil Imagine le himeachtaí beo i bPort Láirge an tseachtain seo – ealaíontóir ó Ghaeltacht na nDéise ina measc

Now in its 20th year Imagine Arts Festival starts today and features live performances, exhibitions and interactive performances for people of all ages, including dance, film, visual art, theatre, spoken word and literature, as well as classical, contemporary and traditional music.

There are also events reflecting our cultural heritage and programmes for children and young people – Proudly supported by Waterford City and County Council.

——————————————————————

Osclaítear an 20ú Féile Ealaíon bhliantúil Imagine le himeachtaí beo i bPort Láirge an tseachtain seo – ealaíontóir ó Ghaeltacht na nDéise ina measc

Tá an 20ú Féile Ealaíon bhliantúil Imagine le hoscailt Dé hAoine seo (15 Deireadh Fómhair) i bPort Láirge le sraith imeachtaí beo ildisciplíneacha agus ilchultúrtha ar fáil in ionaid ar fud Phort Láirge agus ar líne go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

Bíonn sárthaispeántais de réimse imeachtaí ildisciplíneacha ealaíon le fáil le linn na féile seo, lena n-áirítear Deireadh Seachtaine Scríbhneoirí Phort Láirge. I measc na n-údar mór le rá a bheidh i mbun cainte beidh Megan Nolan as Port Láirge ó dhúchas, a léifidh ó Acts of Desperation, an chéad leabhar dá cuid a bhí ar ceann des na leabhair is iomráití a foilsíodh i 2021. Labhróidh sí chomh maith faoin bpróiseas a bhain le scríobh a dara húrscéal. Labhróidh an scríbhneoir agus an podchraoltóir Sophie White faoina bailiúchán d’aistí sárdhíola, Corpsing: My Body and Other Horror Shows. Beidh colúnaí an Observer, Séamas O’Reilly ag plé a chuimhní cinn ‘Did Ye Hear Mammy Died’ agus beidh údar Leonard and Hungry, Paul Rónán Hession ag plé an leabhar is déanaí uaidh, Panenka. Níl iontu seo ach cuid des na himeachtaí liteartha a bheidh ar súil.

Mar chuid de chlár amharc-ealaíon na féile, beidh taispeántas ón ealaíontóir iomráiteach John Shinnors i nGailearaí Goma ar an Aoine seo, 15 Deireadh Fómhair. Is fearr aithne ar John anois as a scéim dathanna trí-thon ar scála mór. Ina theannta sin, beidh Conair Ealaíon agus Siopa Ealaíne ina mbeidh 10 n-ealaíontóir éagsúil ar fáil, ag taispeáint teicnící éagsúla ó ealaíontóirí gainimh go déantóirí priontaí go healaíontóirí graifítí ar chlár surfála agus go leor eile.

‘Diverse Creatives’ ar siúl freisin – taispeántas é seo ar acmhainneacht na n-ealaíon ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas cultúir agus ar thaithí na n-imirceach a chur futhu anseo in Éirinn. Cuimsíonn na léirithe cultúrtha seo damhsa, ceol agus ceardaíocht ón grúpa damhsa Igbo Community Waterford; an t-amhránaí-scríbhneoir Minnie Marley;  Intercultural Quilt, a chruthaigh mná Chlár Shakti agus Murka Murcury, atá mar Ealaíontóir, DJ agus Léiritheoir.

I measc na n-imeachtaí amharclainne tá Spliced le Timmy Creed ag Club CLG Bhaile Mhic Gunair; Sylvan ó Tinderbox Theatre Company agus Marbleface, a bhuaigh comórtas Imaginings na bliana seo caite, a reáchtáileadh chun saothair ealaíne nua a aithint agus a choimisiúnú.

I measc na ceithre phríomhimeachtaí ceoil, tá gigeanna leis an amhránaí-scríbhneoir Aoife Nessa Frances, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus leis an amhránaí agus scríbhneoir amhrán Junior Brother. Tá lucht leanúna dígeanta ag Junior Brother de bharr na seónna beo nár cheart a chailleadh a bhíonn aige agus é roghnaithe mar cheann de ‘Rising Irish Stars’ de chuid RTÉ sa bhliain 2018, agus mar cheann des na hiomaitheoirí is mó a bhíothas súil go ndéanfadh sé dul chun cinn i 2019 san Irish Times. Beidh taispeántas ó Rapper Nealo san Amharclann Ríoga sa Chathair, le tacaíocht ó Carrie Baxter as Port Láirge. Rachaidh an t-amhránaí, scríbhneoir amhrán agus il-ionstraimíoch as Baile Átha Cliath, Eoghan Ó Ceannabháin chun stáitse freisin. Tá ceol Eoghain fréamhaithe i stíl sean-nóis a athar.

Beidh Tonos ag seinnt ceol ón 18ú agus an 19ú haois i Seomraí Taispeántais Chriostal Phort Láirge. Cuimsíonn Tonos an soprán Róisín O’Grady, atá lonnaithe i bPort Láirge agus an Dr Eamon Sweeney, an speisialtóir luath-ghiotáir agus Bharócach ó Chill Mhantáin. In éineacht leo beidh an t-amhránaí sean nóis, Cárthach Mac Craith ó Rinn Ó gCuanach mar aoi speisialta.

Beidh an craoltóir agus fear grinn Colm O’Regan, a bhfuil an-cháil air, ar stáitse san Amharclann Ríoga i gcomhair dáileog grinn a bhfuil géarghá leis. Beidh Seán Murphy, a bhuaigh an comórtas grinn don láthair íoctha i bhFéile Ealaíon Imagine, in éineacht le Colm ar an 23 Deireadh Fómhair.

Beidh roinnt cheardlann ar fáil, ina measc Mini Musos, Ceardlann do DJ agus ceardlann ealaíne do graifítí ar clár surfála. Beidh Rince Óige Phort Láirge ag reáchtáil ócáid athshamhlaithe ar líne de bharr na paindéime. Tá cúig chuideachta damhsa óige coimisiúnaithe chun comhoibriú le scannánóirí agus le físghrafadóirí áitiúla, mar aon le ceoltóirí, filí, agus ealaíontóirí focal labhartha chun píosaí gearra scannáin damhsa a chruthú i seó dar teideal ‘New Horizons’.

Beidh Féile Ealaíon Imagine ar siúl ar líne agus go pearsanta i bPort Láirge ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 24 Deireadh Fómhair. Is féidir tuilleadh sonraí agus ticéid a fháil ag www.Imagineartsfestival.com

About Conan Power

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in Arts / Culture, Events & Festivals. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.