Spásanna páirceála do Dhaoine le Míchumas Dofheicthe ag Clós Uí Scannláin, Dún Garbhán

Chuir Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge dhá Spás Páirceála Ghluaisteáin do Dhaoine le Míchumas Dofheicthe ar fáil i gClós Uí Scannláin i nDún Garbhán i Meán Fómhair 2021.

Is furasta na spásanna páirceála a aithint le lus na gréine geal buí ar chúlra glas. Tá lus na gréine aitheanta go hidirnáisiúnta mar shiombail an mhíchumais dofheicthe.

Toisc nach bhfuil gach míchumas sofheicthe, nó soiléir láithreach, tá na spásanna páirceála suite in áit shábháilte, sé sin gan a bheith suite díreach in aice leis an mbóthar agus tá na toisí céanna acu is atá ag spás páirceála inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

Mhínigh Fergus Galvin, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Tá roinnt mhíchumais nach fuirist iad a fheiceáil i gconaí, ar nós an t-uathachas, gortú inchinne faighte, lagú ar radharc nó ar éisteacht, nó deacrachtaí foghlama. D’fhéadfadh go mbeadh beagán ama breise nó cúnamh ag teastáil uathu siúd atá faoi mhíchumais dofheicthe, agus a dteaghlaigh nó a gcúramóirí, chun dul isteach agus amach as a ngluaisteáin go sábháilte.”

Dúirt Fergus chomh maith, “D’fhéadfadh sé nach mbeadh cuid de na húsáideoirí seo incháilithe le haghaidh Suaitheantais Ghorm, mar sin cuireann na spásanna páirceála cúirtéise seo áit shábháilte agus inrochtana ar fáil le páirceáil.

Cé go dteastaíonn páirceáil íoctha do na spásanna seo (tá an meaisín ticéad Íoc agus Taispeáin suite gar do na spásanna páirceála seo), iarraimid ar an bpobal i gcoitinne meas a léiriú ar na spásanna agus iad a fhágáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas dofheicthe.”

Is í Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an chéad Chomhairle in Éirinn atá ag cruthú spásanna do dhaoine faoi mhíchumas dofheicthe agus tá sé beartaithe níos mó spásanna do dhaoine faoi mhíchumas dofheicthe a cruthú sa chathair agus sa chontae go luath amach anseo, de bharr cé chomh dearfach is ar glacadh leis na spásanna atá cruthaithe.

De réir Míchumais Dofheicthe, tá duine as gach cúigear ar fud na hÉireann ina gcónaí le cineál éigin míchumas agus tá 80% díobh seo dofheicthe. Sin díreach faoi bhun milliún duine atá ag maireachtáil faoi mhíchumas dofheicthe.

-críoch-

About Conan Power

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in As Gaeilge, Community Alerts, Roads / Parking. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.