Leabhar Nua Faoi Bhriogáid Phort Láirge Thoir le Pat McCarthy

Tá leabhar nua scríofa ag an staraí, an Dr. Pat McCarthy dar teideal “Waterford City The East Waterford Brigade I.R.A. & The Struggle for Independence 1912-1921”. Cur síos ar stair an scéil pholaitiúil i bPort Láirge ó 1912 go 1921 atá sa leabhar agus rianaíonn sé forbairt Bhriogáid Phort Láirge Thoir ó Óglaigh na hÉireann go dtí bunú na gcuideachtaí, trí ghníomhaíochtaí agus luíocháin, agus a cónascadh le Briogáid Phort Láirge Thiar.

Deir an t-údar Pat McCarthy, “Le linn Cogadh na Saoirse, bhí gach contae agus gach briogáid difriúil. Bhí fadhb ar leith le sárú ag Briogáid Phort Láirge Thoir, sa mhéid is go raibh an ceantar sin ar cheann de bheagán toghcheantar inar theip ar Shinn Féin sa streachailt pholaitiúil i 1918. Sa leabhar seo, déanaim scrúdú ar chonas ar thug an I.R.A. aghaidh ar iarmhairt na difríochta seo agus conas ar chuir sé seo leis an streachailt armtha. Tá súil agam go dtugann an leabhar seo deis do dhaoine níos mó a fhoghlaim faoin streachailt seo agus faoi na híobairtí a rinneadh i bPort Láirge.

Tugann an leabhar seo pictiúr cuimsitheach ar mhuintir agus ar pholaitíocht Phort Láirge le linn na tréimhse seo agus ar na streachailtí a bhí ag baill Bhriogáid Phort Láirge Thoir cur leis an troid ar son an neamhspleáchais. Tá an leabhar tiomnaithe d’fhir agus do mhná Chathair Phort Láirge agus Oirthear Phort Láirge a ghlac páirt sa streachailt ar son an neamhspleáchais agus go háirithe don cheathrar fear a thug a mbeatha ar son na cúise, siad san Séamus De Paor, Michéal Mac Craith, Tómas Ó Briain agus Seán Ó Ruairc.

Aithníonn an leabhar an méid uile a rinne baill iomlán na Briogáide agus baill Chumann na mBan trí liosta ainmneacha na mball a chur ar fáil sna haguisíní, ainmneacha a tógadh ó na rollaí ainmniúla a dhein thaifead ar an mballraíocht ag poinnte áirithe sa Sos Cogaidh ar an 11 Iúil 1921. Bailíodh na liostaí seo le chéile sna 1930idí agus atá siad i seilbh na Cartlainne Míleata.

Dúirt Michéal Ó Fearghaill, Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Phort Láirge, “Tá Coiste na gCuimhneachán tiomanta le tacaíocht a thabhairt do chlár foilseachán a dhéanfaidh taifead ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i bPort Láirge, ionas go mbeidh oidhreacht bhuan scoláireachta agus taighde againn ar an tréimhse is tábhachtaí dár stair.”

Fuair an tionscadal seo tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Clár Dheich mBliana gCuimhneachán 1913-1923 agus Coiste Cuimhneacháin Phort Láirge

Beidh sonraí chlár na dtionscadal do 2022 ar fáil go luath ar shuíomh idirlín Chomhairle Phort Láirge http://www.waterfordcouncil.ie nó https: //bit.ly/32yD0PV

Tá an leabhar ar fáil ar chostas €15 ón Book Centre i bPort Láirge nó ó Mhúsaem Chontae Phort Láirge i nDún Garbhán.

This entry was posted in Arts / Culture, As Gaeilge. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.