Beidh an ceathrú caint i sraith chainteanna arlíne atá á n-eagrú ag Daonscoil na Mumhan don gheimhreadh ar siúl tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 1 Feabhra óna 7-8.00i.n. S’í Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh mar aoichainteoir.
Is as Maoil a’ Chóirne sa Rinn do Shorcha ó dhúchas, cé go bhfuil sí ag cur fúithi i gConamara le fada an lá. Is múinteoir bunscoile cáilithe í Sorcha agus chaith sí seacht mbliana i mbun múinteoireachta, ceithre chinn acu san ina leas phríomhoide, sular thug sí faoi ghairm na craoltóireachta. Chaith sí os cionn cúig bliana déag ina clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Connamara.
Bhí Sorcha páirteach i mbunú Thuismitheoirí na Gaeltachta agus sa bhliain 2018 ceapadh ina Ceannasaí ar an eagraíocht í. Tá sí ag cur fúithi anois ar an gCeathrú Rua i gConnamara lena fear céile Colm Mac Donncha agus a dtriúr clainne Neans, Micil agus Josie. Is iníon í leis an amhránaí clúiteach Anne Mulqueen agus Tomás Ó Céilleachair, cairde móra le Daonscoil na Mumhan.
Muna bhfuil sé déanta agat cheana, is féidir clárú ar líne don chaint seo agus na cainteanna eile sa tsraith tríd an suíomh idirlíon www.daonscoilnamumhan.com
Bíonn na cainteanna ar siúl ar an gcéad Mháirt de gach mí agus seo a leanas clár na n-aoichainteoirí eile; daoine ildánacha a labhróidh ar réimse ábhair a bhaineann leis an gcultúr Gaelach:
- 1 Márta Róisín Sheehy, file, drámadóir agus craoltóir
- 5 Aibreán Tomás Mac Conmara, Staraí Seanchais agus Comhairleoir Oidhreachta
Is féidir a thuilleadh eolais maidir leis na haoichainteoirí agus an tsraith cainteanna a fháil ag www.daonscoilnamumhan.com. Ag súil go mór sibh a fheiscint ar líne.