Oibreacha Bóthair : Sráid Parnell & Sráid an Ghrágáin

Is mian le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a chur in iúl go gcuirfear tús le hoibreacha athdhromchlaithe bóthair ar Shráid Parnell agus ar Shráid an Ghrágáin ar an Luan, 17 Deireadh Fómhair.

Beidh na hoibreacha ar siúl ó 7r.n. go 7i.n. Luan go hAoine go dtí an Aoine, 28 Deireadh Fómhair.

Osclófar Sráid Parnell agus Sráid an Ghrágáin gach tráthnóna ó 7i.n. agus go hiomlán ag an deireadh seachtaine.

Coinneofar rochtain áitiúil ar Shráid an Ghrágáin agus ar Shráid Parnell fad a bheidh na bóithre dúnta.  Beidh malairt slí i bhfeidhm agus moltar d’úsáideoirí bóthair an áit a sheachaint le linn na n-oibreacha seo.

Beidh tionchar ag na hatreoruithe ar roinnt bealaí bus agus beidh sonraí iomlána ar fáil ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann.

Gabhann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht le linn na n-oibreacha riachtanacha bóthair seo.

About Conan Power

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in As Gaeilge, Road Works / Closures. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.