Fógra Um Athbhreithniú Cíosa Íct (HAP), 2023

Tá Athbhreithniú Cíosa á dhéanamh do gach Tionónta ÍCT (HAP).

Chun a chinntiú go bhfuil na sonraí ceart agus cothrom le dáta ag gach teaghlach, tá muid ag iarraidh ar thionóntaí an fhoirm Athbhreithnithe ÍCT a chomhlánú agus sonraí maidir le líon daoine sa teaghlach agus ioncam teaghlaigh a chur san áireamh. Seolfar foirmeacha cíosa go díreach chuig gach tionónta.

Is ar an tionónta féin atá an cúram, faoin gComhaontú Ranníocaíochta Cíosa, chun a chinntiú go gcuirtear na sonraí cearta faoi bhráid Oifig ÍCT, ionas go mbeifear in ann an cíos a ríomh i gceart. Mura gcuirtear ar ais an fhoirm comhlánaithe go hiomlán leis na cruthúnais ábhartha ar ioncam d’fhéadfadh go mbeadh cíos siardhátaithe mar thoradh air riaráistí á gcur i bhfeidhm ar do chuntas ÍCT.

Sula seolfaidh tú an fhoirm chomhlánaithe ar ais, cinntigh le do thoil go mbeidh na sonraí san áireamh do GACH tionónta mar aon leis na doiciméid ábhartha seo a leanas:

– Má tá fostaíocht lánaimseartha/páirtaimseartha i gceist, cuir 3 dhuillín pá as a chéile ar
fáil do gach ball den teaghlach atá i bhfostaíocht.
– Má tá íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh i gceist, CUIR ISTEACH 3 Fháltas Leasa Shóisialaigh/Ráiteas Bainc as a chéile
– Má tá tú Féinfhostaithe seol an Fógra Measúnaithe Cánach is déanaí ó na Coimisinéirí
Ioncaim.
– Má tá daoine 18 mbliana d’aois agus níos sine in oideachas lánaimseartha seol cruthúnas
ón scoil nó ón gcoláiste.
– Má tá Cothabháil á fháil agat, SEOL ISTEACH cruthúnas air, le do thoil.
– Má tá áititheoir tar éis bogadh isteach tabhair an dáta áitíochta agus an seoladh roimhe seo.
– Má tá áititheoir tar éis bogadh amach tabhair an dáta ar fhág sé/sí agus fianaise
dhoiciméadach ar sheoladh nua.

Seol ar ais le do thoil an fhoirm comhlánaithe go hiomlán mar aon leis na cruthúnais ábhartha ar ioncam faoin Luan 13 Samhain, 2023 chuig an Deasc Sheirbhíse do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Sráid Nua Bailey, Port Láirge X91 XH42, nó Roinn ÍCT (HAP), Oifigí Cathartha, Cé Dhaibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, X35 Y326.
Ceisteanna: hap@waterfordcouncil.ie

About Conan Power

A news blog with all the latest items of interest from Waterford City & County Council, Ireland.
This entry was posted in As Gaeilge, Housing. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.